Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Seolfaidh mé lucht cáite don Bhablóin; cáithfidh siad í agus fágfaidh a dúiche folamh; óir ionsóidh siad í ó gach taobh lá an bhasctha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus cuirfidh mé lucht cáithte don Bhabilóin, noch cháithfios í, agus fhoilmheochus a dúthaidh: óir a ló na buáidheartha béid síad na timchioll fa ccuáirt.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:2
9 Tagairtí Cros  

Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.


Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.


Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.


“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.


Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”


Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.


Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí