Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 50:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad; dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Duáidh a nuile dhuine dá rug orra íad: agus a dúbhradar a neasccáirde, Ní chiontuighemíd, do bhrígh gur pheacuigheadar a naghaídh an TIGHEARNA, áitreabh an cheirt, eadhon an TIGHEARNA, dóthchus a naithreadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 50:7
28 Tagairtí Cros  

Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.


Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób; agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.


Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.


An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,


Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.


A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.


Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;


Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.


Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?


Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.


Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’


Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.


Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.’


Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.


Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine, tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha. Caithigí! Ná coigligí saigheada.


Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom, na daoine uile a ghabh i láimh iad, coinnníonn siad go daingean iad, ní ligeann dóibh imeacht.


De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.


Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’


ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.


Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.


Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí