Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 5:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 ¶ Féuchuidh, do bhéara mé cineadh oruibh a himchéin, a thigh Israel, a deir an TIGHEARNA: is cineadh cumhachdach é, is cineadh seannda é, cineadh nach aithnid dhuitsi a ghlór, ní mó thuigios tú cred a deirid síad.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 5:15
27 Tagairtí Cros  

Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.”


Óir is bunreacht in Iosrael é; is reacht é de reachtanna Dia Iacóib


Is ea cinnte, is le beola stadacha agus i dteanga eachtrannach atá sé ag dul a labhairt leis an bpobal seo,


suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví, cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort, tógfaidh mé claíocha léigir i d'éadan.


beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach


Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha, cine na hurlabhra doiléire dothuisceana, cine na briotaíola gan bhrí.


Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”


Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin, ligfidh fead air ó imeall an domhain, agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.


Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.


óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.


Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe,


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.


Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm, an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;


An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”


Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?


Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua, gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne, cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamát ó dheas go sileán an Arabá.


Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.


Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n‑allúrach agus trí bheola na n‑eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”


Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.


Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí