Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anaghaidh Mhoab is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; A mhairg do Nebo! óir atá sí airgthe: do náirigheadh Ciriataim agus do ghabhadh í: atá a Misgab ar na náiriughadh agus atá sí anbhfann.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:1
19 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus


Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu.


Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -


óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;


Do bhábhúin arda uaibhreacha scriosann sé iad, leagann sé iad, caitheann sé síos iad sa láib.


Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.


Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;


Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.


An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”


Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.


“Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,


Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó.


Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí