Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 44:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Matá gur chuir misi chugaibh mo sheirbhísigh na fáighe, ag éirghe go moch agus agá ccur uáim, gha rádh, Oh, ná déanuidh an ní adhfhuathmharso noch fhúathuighimsi.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 44:4
24 Tagairtí Cros  

An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


Ár ríthe, ár n‑uachtaráin, ár sagairt, ar sinsir, Níor choinnigh siad do dhlí, Ná níor thug siad aird ar aon aithne ná aon rabhadh Dá dtug tú dóibh.


Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”


trí aird a thabhairt ar bhriathra mo sheirbhíseach, na fáithe, a sheolaim chugaibh gan scor agus nár éist sibh leo,


de bhrí nár éist siad le mo bhriathra - an Tiarna a labhraíonn - bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht - an Tiarna a labhraíonn.”


D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.


Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.


Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’


Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.


Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n‑aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.’ ”


Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,


Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?


Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.


Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.


Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d'íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;


Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n‑imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin.


Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?


D'imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird.


Nárbh iad seo na briathra a d'fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”


Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí