Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 44:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise - sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Do bhrígh gur loisgeabhair túis, agus do bhrigh gur pheacuigheabhair a naghaidh an TIGHEARNA, agus nar úmhluigheabhair do ghúth an TIGHEARNA, agus nár shiúbhluigheabhair iona dhligheadh, no iona reachtuibh, nó ann a fhíaghnúisibh; uimesin táinic an tolcso oruibh, mar atá a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 44:23
24 Tagairtí Cros  

Agus sé freagra a gheobhaidh siad: ‘Mar gur thréig siad an Tiarna a nDia a thug a sinsir amach as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.’ ”


Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.


Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”


Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí.


Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom, agus iad i bhfad ó do dhlí.


Is fada an slánú ó na peacaigh, toisc nach cúram leo d'fhoraitheanta.


Níor choinnigh siad a gconradh le Dia níorbh áil leo siúl de réir a dhlí.


Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.


Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,


anois tá sé tugtha i gcrích aige. Rinne an Tiarna de réir a bhriathair, óir pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna agus níor umhlaigh dá ghuth; mar sin tháinig seo oraibh.


Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’


Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Chonaic sibh an t‑anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu.


“An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n‑aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre - nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn?


Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.


trí mise a bhrostú chun feirge le hoibreacha bhur lámha féin, ag loscadh túise do dhéithe eachtrannacha i dtír na hÉigipte, áit ar tháinig sibh a chónaí, do bhur mbascadh féin, le go mbeadh sibh mar mhallú agus mar cheap magaidh i measc ciníocha an domhain?


Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo.


Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí