Irimia 44:12 - An Bíobla Naofa 198112 Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus glacfa mé fuighioll Iúdah, do chur a naighthe do dhul go crích na Hégipte ar cuáirt annsin, agus scriosfuighior uile íad, agus tuitfid a ccrích na Hégipte; eadhon muirfighear íad leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: éugfuid síad, ó bheag go mór, leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: agus béid na mallughadh, agus na núathbhás, agus na mallachd, agus na scannail. Féach an chaibidil |