Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 44:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An focal tháinic go Ieremiah a ttáobh na nuile Iúduigheadh noch chomhnuighios a ccrích na Hégipte, noch áitreabhas ag Migdal, agus ag Tahpanhes, agus ag Noph, agus a ttír Phatros, gha rádh,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 44:1
19 Tagairtí Cros  

agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.


“Abair,” ar sé, “le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige.


Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Amadáin iad prionsaí Zoan; tá prionsaí Nof á mealladh féin. Tá an Éigipt ar seachrán acu, ag ceannairí seo a cuid cúigí.


Bhearr muintir Nof agus Thachpanaes fiú baithis do chinn!


Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.


Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.’ ”


Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:


“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.


Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.


dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.


Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal.


Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte.


Bánóidh mé Patros, cuirfidh tine le Zoan, gearrfaidh breithiúnas ar Nó.


Cuirfidh mé tine leis an Éigipt, beidh Sín faoi chlúdach scamaill, réabfar Nó as a chéile, beidh Nof i sáinn ó lá go lá.


Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.


Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí