Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 43:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Annsin do lábhair Asariah mhac Hosaiah, agus Iohanan mhac Careah, agus na daóine uáibhreacha uile, gha rádh re Ieremiah, Lábhraidh tú bréug: ní hé an TIGHEARNA ar Ndía do chuir thú dha rádh, Ná héirigh don Négipt do chomhnuidhe annsin:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 43:2
31 Tagairtí Cros  

Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.


Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.


Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigh a chuaigh ar seachrán ó d'aitheanta.


Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.


Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire; óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas.


Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”


Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.


Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach, bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.


Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.


Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.’ ”


Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire, aithníonn siad é. Dúirt siad ina ndíomas agus i sotal a gcroí:


Éistigí, tugaigí cluas, ná bígí uaibhreach tá an Tiarna ag labhairt.


“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”


chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.


Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.


i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.


Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,


Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’


Dúirt siadsan le Irimia: “Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n‑aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n‑orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa.


Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas,


“Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,


Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí