Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 43:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “ ‘Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus lasfuidh me teine a tighthibh dhée na Hégipte; agus loisgfidh sé íad, agus béara leis a láimh íad: agus éideochuidh é féin lé dúthaigh na Hégipte, mar chuirios tréaduighe na ccáorach a chúlaidh uime; agus imeochuidh sé amach as sin a síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 43:12
36 Tagairtí Cros  

D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.


Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea! Cuir umat do ghlóir is do loinnir!


tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;


Gléasfaidh mé a shagairt le slánú, agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.


Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.


Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!


Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.


Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.


Cúbann siad agus cromann siad uile; gan ar a n‑acmhainn a lucht iompair féin a shábháil, ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.


Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú - seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige!


Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.


Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach agus clogad an tslánaithe ar a cheann. Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.


“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.


Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh, agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.


(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Forann rí na hÉigipte, mar aon lena sheirbhísigh, a uaisle agus a dhaoine uile.


Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.’ ”


Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.


Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce; slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.


Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.


Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte.


Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.


Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais.


agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.


Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.


Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.


Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí