Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 43:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus abair ríu, Marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, cuirfe mé agus glacfad Nebuchadressar mo sheirbhíseach rígh na Babilóine, agus cuirfidh mé a chathaoir ar na clochaibhsi dfoluigh mé; agus leathnochuidh sé a pháillíun ríoghamhuil ós a ccionn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 43:10
19 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.


Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.


Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.


Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé in am na buartha; folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé, ardóidh ar charraig mé.


Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne.


Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”


Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.


óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.


“Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes.


An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n‑ionsóidh sé tír na hÉigipte.


Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám, agus glanfaidh mé as rí agus uaisle - an Tiarna a labhraíonn. “Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.”


Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí