Irimia 42:5 - An Bíobla Naofa 19815 Dúirt siadsan le Irimia: “Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n‑aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n‑orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Ann sin a dúbhradar ré Ieremiah, Bíodh an TIGHEARNA na fhíadhuin fhírinnigh dhírigh eadhruinn, muna ndearnam do réir na nuile neithe ar son a ccuirfidh an TIGHEARNA do Dhía chuguinn thú. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.