Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 42:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dúbhradar ris an bhfáigh Ieremiah, Guidhmid thú, tuiteadh ar ngearán ad lathair, agus guidh air ar son chum an TIGHEARNA do Dhía, eadhon ar son a nfuighillsi uile; (óir níor fágbhadh aguinn achd beagán do mhórán, mar do chíd do shúile sinn:)

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 42:2
34 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.


Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d'fhocail.


“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”


Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”


Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”


Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!


Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit, go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid


a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’


“Iarraimid d'achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b'fhéidir go n‑oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.”


B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”


Éist anois liom, iarraim d'achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.”


Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”


Chuir Zidicíá an rí fios agus rug sé chuige an fáidh Irimia don treas geata i dTeampall an Tiarna. “Teastaíonn focal leat uaim,” arsan rí le Irimia, “ná ceil aon ní orm.”


Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: “Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?”


Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’


Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.


Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n‑admhóidh siad a n‑imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.”


Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún, cruinneoidh mise iad ar ball beag, agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnach faoi ualach Rí na bhflatha.


Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.


Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: “A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?”


Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.


D'fhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.”


Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia.


Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.


Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.


Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.


Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”


Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.


Dúirt clann Iosrael le Samúéil: “Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí