Irimia 42:10 - An Bíobla Naofa 198110 ‘Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Má fhantaói a ccomhnuidhe annsa tírse, annsin cuirfidh misi súas sibh, agus ní shraóilfe mé síos sibh, agus plainndeocha mé sibh, agus ní thairreonga mé a níos sibh: óir is aithreach liom an tolc do rinne mé oruibh. Féach an chaibidil |
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.