Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 41:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Annois do bé an log ar theilg Ismael cuirp mharbha na ndaóine, (noch do mharbh sé a ttaobh Ghedaliah,) do rinne Asa an rígh ar eagla Bhaasa rígh Israel: agus do líon Ismael mhac Netaniah é leis an druing do marbhadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 41:9
11 Tagairtí Cros  

Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.


Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.


Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus d'imigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh.


Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián.


Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.


Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: “Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.”


Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.


Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí