Irimia 41:5 - An Bíobla Naofa 19815 go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Go ttáinic daóine airigh ó Shechem, ó Shíloh, agus ó Shamária, eadhon ceithre fithchid fear, agá rabhadar a bhféasóga beárrtha agus a néaduighe réubtha, agus ar na ngearradh féin, maille re hofráluibh agus túis iona lámhuibh, dá ttabhairt go tigh an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |