Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 41:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 D'éalaigh Ísmeáéil mac Natainiá ó Ióchánán mar aon le hochtar fear agus theith go dtí na hAmónaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Acht do chúaidh Ismael mhac Netaniah as ó Iohanan maille re ochdar fear, agus do chúaidh sé gus na Hammoníteachaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 41:15
9 Tagairtí Cros  

agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.


Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá.


“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -


An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.


An pobal uile a rug Ísmeáéil i láimh as Miozpá, d'iompaigh siad timpeall agus chuaigh anonn go Ióchánán mac Cháiréach.


d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.


Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”


Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí