Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 41:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tárla annsa seachtmhadh mí, go ttáinic Ismael mhac Netaniah mhic Elisamah, don tsíol ríogha, agus prionnsadha an rígh, eadhon deithneamhar fear leis, go Gedaliah mhac Ahicam go Mispah; agus annsin a dúadar arán a bhfochair a chéile ann Mispah.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 41:1
25 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.


Agus maidir leis an muintir a d'fhan i dtír Iúdá, a d'fhág Nabúcadnazar rí na Bablóine ina dhiaidh, cheap sé Gadailiá mac Aichíceám mac Sheáfán mar rialtóir orthu.


Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá.


Nuair a fuair Atailiá, máthair Achaizíá, amach go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad de theaghlach Iúdá ar an toirt.


Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa, an fuath in aghaidh an ghrá.


“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”


Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.


Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?


síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir.


Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d'inis siad an scéal go léir don rí.


agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.


Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,


Féadfaidh tú, mar shampla, dul ar ais go Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dá ndearna rí na Bablóine rialtóir ar bhailte Iúdá, agus cónaí a dhéanamh ina fhochair i measc an phobail; nó imeacht leat go dtí do rogha áit.” Ansin thug ceannaire an gharda liúntas bia dó agus bronntanas, agus lig dó imeacht.


Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír.


Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin,


chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.


Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre


“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí