Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 40:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Dfill na huile Iúduighe as na huile áitibh ar díbreadh íad, agus thangadar go tír Iúdah, go Gedaliah, go Mispah, agus do chruinnigheadar fíon agus mórán toirthe samhraidh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 40:12
8 Tagairtí Cros  

Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t‑athfhás, agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,


Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha;


Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”


Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,


Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.


Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d'fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá,


Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”


Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí