Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 4:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Cuiridhsi a gcéill do na cineadhachaibh; féuch, foillsighidh a naghaidh Ierusalem, lucht faire do bheith ag teacht as crích imchéin, agus ag tabhairt a ngotha ós áird a naghaidh chaithreacha Iúdah.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 4:16
18 Tagairtí Cros  

Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir!


Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”


óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.


Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.


Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.


Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’


Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.


Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguaird fearacht lucht coimhéadta goirt, de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.


Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.


Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


Cluinigí mar sin, a chiníocha, bíodh a fhios agaibh, a oireachtais, céard tá i ndán dóibh.


Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;


tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.


Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, “Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?” (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n‑íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)


Buailfidh mise bosa fosta; ídeoidh mé mo fhearg. Mise, an Tiarna, a labhair.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí