Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 39:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 “Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d'fhianaise,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Eirigh, agus labhair re Ebedmelech an Tetíopeach, gha rádh, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, do bhéara mé mfocal air an ccathruighse ar olc, agus ní ar mhaith, agus béid annsa ló sin ad fhíaghnuise si.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 39:16
24 Tagairtí Cros  

Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”


Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas.


Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”


“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’


Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia.


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n‑aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.’ ”


Smachtóidh mise é féin agus a oidhrí agus a sheirbhísigh i ndíol a n‑éigeart; orthusan, ar chathróirí Iarúsailéim agus ar mhuintir Iúdá, tabharfaidh mé na hoilc uile a d'fhógair mé ina n‑aghaidh, bíodh agus nár éist siad.’ ”


anois tá sé tugtha i gcrích aige. Rinne an Tiarna de réir a bhriathair, óir pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna agus níor umhlaigh dá ghuth; mar sin tháinig seo oraibh.


Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.


Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua - Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.


Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí