Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 39:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsa náomhadh blíadhain do Shedeciah rígh Iúdah, annsa deachmhadh mí, tháinic Nebuchadressar rígh na Babilóine agus a shlúagh uile a naghaidh Ierusalem, agus do shuigheadar na timchioll uirre.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 39:1
16 Tagairtí Cros  

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna sa deichiú bliain de Zidicíá rí Iúdá, arbh í an t‑ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar í.


An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”


Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.


Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”


Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.


Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.


Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”


“Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí