Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 38:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 “Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n‑aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ann sin a dúbhairt an rígh Sedeciah, Féuch, atá sé ann bhur lámhuibhsi: óir ní hé an rígh fhéadas aóinni do déanamh bhur naghaídh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 38:5
10 Tagairtí Cros  

Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”


Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.


D'fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí