Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 38:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Tharraing siad Irimia aníos le rópaí ansin agus thóg as an tobar é. Agus d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Marsin do thairngiodar a níos Ieremiah re córduibh, agus thugadar súas as an ccarcuir é: agus dfan Ieremiah a ccúirt an phríosúin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 38:13
17 Tagairtí Cros  

Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.


agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”


agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú


Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.


Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”


San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá,


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Ansin dúirt Eibid Meilic, an tAetóipeach, le Irimia: “Is duitse na seanbhalcaisí seo, agus cuir i do ascaill iad faoi na rópaí.” Rinne Irimia sin.


D'fhan Irimia i gCúirt an Gharda go dtí an lá a gabhadh Iarúsailéim.


Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.


D'agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi agus d'fhuascail tú m'anam.


“Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus d'ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.


Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.


Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád.


D'fhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí