Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 37:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus tiucfuid na Caldeánuigh a rís, agus troidfid a naghaídh na caithreachso, agus géabhuid í, agus loisgfid í lé teine.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 37:8
9 Tagairtí Cros  

‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.


Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.


Dá mb'ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d'éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”


Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Go deimhin tabharfar an chathair seo i láimh shlua rí na Bablóine agus gabhfar í.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí