Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 36:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Annsin do léigh Baruch annsa leabhar bríathra Ieremiah a ttigh an TIGHEARNA, a seomra Ghemariah mhíc Saphan an scribhneóir, annsa chúirt dob áirde, ag dul a steach an gheata nuáidh thighe an TIGHEARNA, a cclúasaibh an phobail uile.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 36:10
17 Tagairtí Cros  

ba é Seavá an rúnaí, agus sagairt ab ea Zádóc agus Aibíátár,


Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí.


Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair.


Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.


Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.


San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.


Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.


Ach sheas Irimia faoi choimirce Aichíceám mhic Sheáfán, agus níor tugadh é ar láimh don phobal le cur chun báis.


Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:


Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.


Nuair a chuala Miocáia mac Ghamairiá, mac Sheáfán, briathra uile an Tiarna as an scrolla,


D'iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo.


ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.


Rinne Barúch mac Néiria mar a d'ordaigh Irimia fáidh dó, briathra uile an Tiarna a léamh as an scrolla i dTeampall an Tiarna.


Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n‑aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”


Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.


Bhí seomra a raibh bealach isteach ann ó phóirse an gheata, áit a nídís an íobairt dhóite.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí