Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Féuch, fuaigéora misi, a deir an TIGHEARNA, agus do bhéara mé orra filleadh don chathruighsi; agus troidfid na haghaidh agus géabhuid í, agus loisgfid í le teine: agus do dhéana mé caithreacha Iúdah uile na bhfásach, gan áitreabhthach ar bith.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:22
36 Tagairtí Cros  

cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.


Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe; tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra, agus is iad atá cíocrach chun caithréime.


Níl fágtha sa chathair ach léirscrios, tá an geata briste ina chonamar.


An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.


Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,


Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.


Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.


Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.


Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.


Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti; déanfar fásach folamh di. Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin; ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá.


Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”


Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.


De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;


An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?


Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí