Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Acht dfilleabhair agus do thruáilleabhair mainm, agus thug gach áonduine aguibh ar a óglach, agus air a bhanóglach filleadh, noch do léigeabhair saor uáibh ar a ttoil féin, agus thugabhair fa dhaóirse íad, dá mbeith aguibh na seirbhíseachaibh agus na mbanóglachaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:16
15 Tagairtí Cros  

Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.


Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad.


De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;


Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.


Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.


Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.


Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.


Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: ‘Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.’


Trí arán truaillithe a ofráil ar m'altóir! Athfhiafraíonn sibhse ansin: ‘Conas a thruaillíomar thú?’ Trína rá go bhfuil bord an Tiarna inmhaslaithe!


“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí