Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, d'aontaigh siad agus lig saor iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Anois a nuáir do chúaluidh na prionnsadha uile, agus an pobal uile, do chuáidh san chunnradh, go léigfeadh gach áonduine a óglach dimtheacht úadh agus an úile dhuine a bhanoglach sáor, agus nach bhfoigheonadh áonduine é féin díobh ní sa mhó, annsin dumhluigheadar, agus do léigeadar dhóibh imtheacht.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:10
12 Tagairtí Cros  

Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air.


Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,


Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.


Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”


Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad.


Maidir le prionsaí Iúdá agus Iarúsailéim, leis na coillteáin agus na sagairt, agus pobal uile na tíre a chuaigh idir coda an lao,


síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir.


Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”


Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.


óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí