Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 33:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Tárthochar Iúdah annsna láethibh sin, agus coimhneochuidh Ierusalem go daingean: agus isé so an tainm lé ngoirfighear í, An TIGHEARNA ar bhfireantachd.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 33:16
20 Tagairtí Cros  

Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách.


Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.


Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.


Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.


Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad; dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’


Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”


“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.


Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”


agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: “Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób.


Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.


Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.


Dúirt sé faoi Bhiniáimin: An té is ionúin leis an Tiarna, tá cónaí air gan bhaol ina fharraid. Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.


Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin; toghtar tobar Iacóib mar thír arbhair agus fíona; sileann neamh féin an drúcht anuas


agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí