Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 32:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Mar sin cheannaigh mé an garraí ó mo chol ceathrar Hanamael as Anatót agus d'íoc leis an luach, seacht seicil déag airgid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do cheannuigh mé an machaire ó Hanameel mac dearbhrathar mo athar noch do bhí ann Anatot, agus do thomhais mé an tairgiod chuige, eadhon seacht secel déag airgid.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 32:9
11 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.


Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.


Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’


Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.


Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.


Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.


An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.


Cheannaigh mé dom féin í mar sin ar chúig sheicil déag airgid agus ómar go leith eorna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí