Irimia 32:44 - An Bíobla Naofa 198144 Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)44 Ceinneochuid daóine machaireadha ar airgiod, agus scriobhthuid leabhar, agus cuirfid séala, agus glacfuid fíadhna a ttír Bheniamin, agus ánnsna háitibh tímchioll Ierusalem, agus a ccaithreachaibh Iúdah, agus a ccaithreachaibh na slíabh, agus a ccaithreachaibh an ghleanna, agus a ccaithreachaibh an deisceirt: óir do bhéara misi air a mbraighdionus filleadh, a deir an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’