Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 32:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ní rachuidh Sedeciah rígh Iúdah as láimh na Ccaldeánach, acht go deimhin bhéarthar a láimh rígh na Babilóine é, agus laibheoruidh sé ris béul air bhéul, agus do chífid a shúile a shúilesion;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 32:4
13 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’


Níl dídean anois ag na haoirí, níl éalú ag tiarnaí na dtréad!


Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh.


Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí