Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 32:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír is annsin do shuigheadar slúagh rígh na Babilóine um Ierusalem: agus do híadhadh súas Ieremiah an fáidh a ccúirt an phríosúin, noch do bhí a ttigh rígh Iúdah.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 32:2
15 Tagairtí Cros  

Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.


agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú


Luíonn do dhíbheirg go trom orm; tá mé báite faoi do thonnta go léir.


óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,


Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.


Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair.


An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:


D'ordaigh Irimia ansin do Bharúch: “Ó táimse i bpríosún anseo ní féidir liom dul go Teampall an Tiarna;


Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é.


Tharraing siad Irimia aníos le rópaí ansin agus thóg as an tobar é. Agus d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.


“Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí