Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ordaigh dóibh a rá lena máistri: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus aithin díobh a rádh ré na maighistríbh, Is marso a deir TIGHEARNA na slogh, Día Israel; Is marso a déarthaoi ré bhur maighistribh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:4
8 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”


Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.


Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.


“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’


Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.


Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.


Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”


Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí