Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is marso a deir an TIGHEARNA riomsa; Déan dhuit féin cuibhreach agus cuingleach, agus cuir air do mhuineal íad,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:2
18 Tagairtí Cros  

Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna,” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”


Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;


An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”


Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.


“Ar an lá sin - Tiarna na Slua a labhraíonn - brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.


Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.


“Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom: Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí i dtosach an athfháis - ba é an t‑athfhás é a eascraíonn nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí