Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Ná héistigh ríu; foghnuighidh do rígh na Babilóine, agus beithí beó: cred as a bhfúicfíthi an chathairse na bán?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:17
5 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Irimia le Zidicíá: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Má théann tú amach agus má ghéilleann tú d'oifigigh rí na Bablóine, tabharfaidh tú d'anam leat agus ní dhófar an chathair seo go talamh; mairfidh tú féin agus do chlann.


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe - a deir an Tiarna - óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.


Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí