Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a déara tú ríu, Is marso a deir an TIGHEARNA; Muna númhluighthí dhamhsa do shiubhal ann mo dhligheadh, noch do chuir mé romhuibh,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:4
22 Tagairtí Cros  

Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,


ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.” Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.


Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.


Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’


Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise - sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.”


uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.


agus na reachtanna agus na dlíthe go léir a chuirim romhaibh inniu a chomhlíonadh le barr cúraim.


Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.


Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael;


Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí