Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Thug siad Úiríá amach as an Éigipt agus rug siad go Iahóiácaím an rí é; mharaigh seisean leis an gclaíomh é agus theilg a chorpán isteach i reilig na ndaoine coitianta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus thugadar Uriah amach as an Négipt, agus rugadar go Iehoiacim an rígh é; noch do mharbh leis an ccloidheamh é, agus do theilg a chorp marbh a nuáighibh na ndaoine gcoitchionn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:23
13 Tagairtí Cros  

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a shinsir.


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”


Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”


Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”


Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.


Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d'fhás ina leon óg, d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear.


agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.


ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,


Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.


Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí