Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 25:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Féuch, cuirfidh mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIGHEARNA; agus Nebuchadressar rígh na Babilóine, mo sheirbhíseach, agus do bhéara mé a naghaídh na tírese íad, agus a naghaídh a háitreabhthach, agus a naghaídh na ccineadhach so uile timchioll fa ccuáirt, agus scriosfuidh mé thríd amach íad, agus do dhéana mé úathbhás díobh, agus sgige, agus fásach síorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 25:9
48 Tagairtí Cros  

Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.


Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.


Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”


Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.


Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí, an bata atá á bheartú agam le barr feirge!


Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe; tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra, agus is iad atá cíocrach chun caithréime.


Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.”


Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”


Ansin dúirt an Tiarna: “Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;


óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.


Scéala! Scéala chugainn! Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)


Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.


Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad.


Ar an ábhar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, de bhrí nár éist sibh le mo bhriathar,


Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,


Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”


“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.


Ansin thóg ceannaire an gharda Irimia i leataobh agus dúirt leis: “Is é an Tiarna do Dhia a d'fhógair an t‑olc ar an tír seo;


Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.


Ba bhodóg bhreá an Éigipt, ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart.


“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


“Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán; creathnaíonn an tuath uile le fuaim sheitreach a staileanna. Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti, na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.


Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’ ”


Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot.


“Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.


sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach m'éada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne.


Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m'Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt.


An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthu ag folmhú a lín gan stad agus ag marú na náisiún gan trua?


Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí