Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 21:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oír do chuir misi maghaidh a naghaidh na caithreachso chum uilc, agus ní chum maitheasa, deir an TIGHEARNA: do béarthar a láimh rígh na Babilóine í, agus loiscfidh sé í lé teine.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 21:10
26 Tagairtí Cros  

Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.


Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin agus tugann sé aird ar a n‑achainí.


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”


rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m'fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m'aghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


Ansin dúirt Irimia le Zidicíá: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Má théann tú amach agus má ghéilleann tú d'oifigigh rí na Bablóine, tabharfaidh tú d'anam leat agus ní dhófar an chathair seo go talamh; mairfidh tú féin agus do chlann.


Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Go deimhin tabharfar an chathair seo i láimh shlua rí na Bablóine agus gabhfar í.’ ”


“Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d'fhianaise,


Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.


“Dá bhri sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Anois cuirfidh mise m'aghaidh in bhur n‑aghaidhse chun oilc, agus do dhíothú Iúdá uile.


Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,


Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleoga go dtí go mbeidh a phrás te, go loiscfidh an prás ina chaor the, go leáfar an salachar istigh, go ndófar an mheirg.


Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.


Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.


teilgfidh mé tine síos ar Iúdá agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.


Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí