Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 21:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An focal noch tháinic chum Ieremiah ón TTIGHEARNA, a núair do chur an rígh Sedeciah chuige Passur mhac Melchiah, agus Sephaniah mhac Maaseiah an sagart, gha rádh,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 21:1
20 Tagairtí Cros  

“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”


Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.


Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir.


Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


agus a ghaolta a bhí i bhfeighil liotúirge an Teampaill, ocht gcéad agus beirt agus fiche; Adáiá mac Iarochám, mac Phalailiá, mac Aimzí, mac Zacairiá, mac Phaischiúr, mac Mhailcíveá,


chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá:


Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh.


Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.


Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt.


Ach chuala Seafaitiá mac Mhatán, Gadailiá mac Phaischiúr Iúcal mac Sealaimiá agus Paischiúr mac Mhailciá na briathra a bhí á rá ag Irimia leis an bpobal uile.


Chuir Zidicíá an rí fios agus rug sé chuige an fáidh Irimia don treas geata i dTeampall an Tiarna. “Teastaíonn focal leat uaim,” arsan rí le Irimia, “ná ceil aon ní orm.”


Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí