Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 20:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do dhéana mé úathbhás díot dhuit féin, agus dot cháirdibh uile: agus tuitfid siad lé ccloidheamh a námbad, agus do chífid do shúilesi sin: agus do bhéara mé Iúdah uile a laimh rígh na Babilóine, agus do bheara se a mbraghdionas íad chum na Babiloine, agus muirfidh sé íad leis an ccloidheamh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 20:4
22 Tagairtí Cros  

Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.


Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.


An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.


Tá bailte an Neigib druidte suas, gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine. Rugadh Iúdá uile ar shiúl, tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n‑éistfidís le mo bhriathra.’ ”


Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’ ”


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m'ainmse: ‘Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl.


Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.


Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.


Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.


Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.


An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m'altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí