Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 17:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Ach má éisteann sibh go dúthrachtach liomsa - an Tiarna a labhraíonn - agus gan ualach a bhreith trí gheata na cathrach seo lá na sabóide, ach lá na sabóide a naomhú agus gan obair a dhéanamh ann,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus tiucfuidh a ccrích, má éistighe go dúthrachtach riomsa (a deir an TIGHEARNA), gan úalach do bhreith thríd gheatuidhibh na caithreachso a ló na saóire, acht lá na saóire do náomhadh, gan obair ar bith do dhéanamh ann;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 17:24
11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”


Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.


Feiceann sé marcshlua, marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt, marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill. Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.”


Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.


Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia.


Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.”


Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:


Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí