Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 14:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá saothar anála ar na hasail fhiáine ina seasamh dóibh ar na cnocáin loma, mar a bheadh seacáil ann; éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do sheasadar na hassail fhíadhta ann a náitibh árda, do thairngeadar súas an gháoth amhuil dragúin; dfaillighiodar a súile do bhrígh nach raibh féur ann.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 14:6
7 Tagairtí Cros  

Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.


déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].


Mheath ár súile orainn, ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh; bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.


Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn agus ár súile go dúdhorcha dall:


Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.


D'fhreagair Iónátán: “Rinne m'athair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí