Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 13:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 séard a déarfaidh tusa leo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ann sin a déara tú ríu, Is marso a deir an TIGHEARNA, Féach, líonfa mé uile áitreabhthacha na tírese, eadhon na ríghthe shuighios a ccathaóir Dháibhi, agus na sagairt, agus na fáighe, agus uile áitreabhthacha Ierusalem, le meisge.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 13:13
14 Tagairtí Cros  

Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.


is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.


Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.


Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.


Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.


Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite, atá ar meisce cé nach le fíon é;


Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.


“Abair leis an bpobal seo: ‘Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.’ Agus má fhreagraíonn siad thú: ‘Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?’


“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’


Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’


“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”


Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna; chuir sí an talamh uile ar meisce; d'ól na náisiúin cuid dá fíon agus d'imigh ansin le báiní.


Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí