Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 13:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír mar theannas an crios ré leasrach duine, marsin thug misi air thigh Israel uile teannadh ríomsa agus ar thigh Iúdah uile, a deir an TIGHEARNA; chor go mbeidís na bpobal agam, agus na nainm, agus na moladh, agus na nglóir: acht níor éisteadar.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 13:11
25 Tagairtí Cros  

Óir roghnaigh an Tiarna Iacób, agus Iosrael ina sheilbh dó féin.


Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh.


Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.


An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!


Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.”


Dúirt an Tiarna é seo liom: “Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.”


An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.


“Abair leis an bpobal seo: ‘Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.’ Agus má fhreagraíonn siad thú: ‘Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?’


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n‑éistfidís le mo bhriathra.’ ”


Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu.


Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’


Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’


Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,


Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.


Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.


Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’


Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir;


agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”


Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air?


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí