Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 12:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Atá moighreacht damhsa amhuil éun breac, atáid a néunluith fá ccuáirt na haghaidh; tigidh sibhsi, cruinnighidh uile bheathacha an mhagha, tigidh do shlugadh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 12:9
15 Tagairtí Cros  

Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.


Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.


Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,


A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.


“Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.


Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.


tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


Leathann Síón a lámha amach; níl sólásaí ar bith aici; thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib a chomharsana a bheith naimhdeach dó; rud éigin neamhghlan ina measc is ea Iarúsailéim.


De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.


Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí