Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 12:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gá fad bhías an tír ag caói, agus luibh gach áonmhagha ag críonadh, do bhrígh uilc na druinge chomhnuigheas ionnta? do caitheadh na beathuighe, agus na héin; do bhrígh go ndúbhradar, Ní fhaicfidh sé ar ccríoch dheighionach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 12:4
22 Tagairtí Cros  

riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.


Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.


Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí, tá an domhan ag meath agus in ísle brí, tá neamh agus talamh ag meath.


Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.


Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.


“Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas.


(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.


D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann, agus theith éanlaith uile an aeir.


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


Níl na fáithe ach ag cur gaoithe, níl an briathar iontu.’


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.


An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu? - is é an Tiarna a labhraíonn - an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.


Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.


Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí