Irimia 12:16 - An Bíobla Naofa 198116 Agus má thabharfaidh siad dá n‑aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m'ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Agus tiucfa á gerích, má fhóghlomuid síad go dúthrachtach slighe mo phobail, do mhionnughadh fám ainmsi, Mairidh an TIGHEARNA; mar do mhúineadarsan dom dhaóinibhsi mionnughadh fa Bháal, annsin suidheochthar íad a lár mo phobail. Féach an chaibidil |
Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”